Stair a theaghlaigh féin: a mháthair agus a athair, Maggie Doogan agus Jimí John Thaidhg, bhí seachtar clainne acu, tá duine acu marbh anois. Bhí siad scaipthe ar fud na cruinne ach tá an chuid is mó acu ar ais sa bhaile arís. A athair mór, Séamus Bartley, tógadh idir Anagaire agus Cionn Caslach é. Bhí sé ina mhonatóir ar scoil Chionn Caslaigh , d’imigh sé ansin le haghaidh traenála agus nuair a phill sé ar ais, chuaigh sé ag teagasc i dTor. Chaitheadh sé siúl ó Chroithlí go Tor gach lá go dtí go bhfuair sé scoil i Mín an Chladaigh agus b’ansin a casadh a bhean céile, Bríd Sally Alec as Toragh air. Fear iontach suimiúil a bhí ina athair mór. A chuimhní pearsanta féin air, bhí sé ag teagasc agus bhíodh Hughie ag an scoil, ní raibh sé ach 4 nó 5 bliain d’aois san am agus lá na stáisiúin. A chuimhne is mó ná nuair a thug sé suas an teagasc agus é ina shuí ag taobh na tine, dár le Hughie nach ndéanadh sé difir caidé a bhí tú ag iarraidh, bhí sé ag aige. A chuimhne air Oíche Nollag agus gurb é a athair mór a bhaineadh an craiceann de na préataí an oíche sin leis na brúitíní a dhéanamh. Léadh sé an páipéar do na comharsana eile a thugadh isteach an tí.
Nuair a bhog a athair mór go Mín an Chladaigh bhí bó bhainne leis agus a chuimhní air ag tabhairt féir don bhó. | 00:11:05 | |